Teanga oifigiúil

Is é is teanga oifigiúil ann ná teanga a bhfuil stádas ar leith aici i dtír nó i réigiún áirithe. Go ginearálta, is í an teanga oifigiúil an teanga a chloistear i gcúirt an dlí, sa phairlimint agus i gcóras riaracháin an stáit. Glactar leis go bhfuil sé de dhualgas ar údaráis an stáit bheith in ann gach ceist a fhreagairt sa teanga oifigiúil, agus go bhfuil sé de cheart ag an saoránach úsáid a bhaint as an teanga oifigiúil lena chuid gnóthaí a dhéanamh leis na húdaráis chéanna.

De ghnáth, is í an teanga oifigiúil an teanga is mó a labhraítear sa tír, an teanga náisiúnta a shamhlaítear leis an tír. Mar sin féin, is iomaí iarchoilíneacht de chuid na Breataine Móire nó na Fraince san Afraic, mar shampla, a mhaireann ag baint úsáide as teanga na sean-mháthairthíre, is é sin, an Béarla nó an Fhraincis. Is féidir nach bhfuil mórán forbartha déanta ar an ngnáthurlabhra áitiúil mar theanga liteartha, nó go bhfuil scothaicme ardléannta na tíre chomh teann as an líofacht a bhain siad amach sa teanga iarchoilíneach agus gur leasc leo teanga na cosmhuintire a cheadú i gcóras an riaracháin. Is féidir freisin nach bhfuil de theanga comhchumarsáide ag muintir na tíre ach an teanga iarchoilíneach, toisc go bhfuil éagsúlacht teangacha á labhairt sa tír.

Is féidir freisin stádas oifigiúil a bhronnadh ar theanga neamhfhorleathan ar chúiseanna stairiúla nó cultúrtha. Mar shampla, níl an Ghaeilge inniu ach ag dornán beag Éireannach ó dhúchas, ach mar sin féin, tá stádas oifigiúil ag an teanga i bPoblacht na hÉireann. Cosúil leis sin, is teanga oifigiúil í an Mhaorais - teanga Pholainéiseach na mbundúchasach - sa Nua-Shéalainn in éineacht leis an mBéarla, cé go bhfuil an Béarla níos coitianta mar theanga dhúchais i measc na Maorach féin inniu.

Tá tíortha ann nach bhfuil teanga oifigiúil ar bith acu. Mar shampla, níl stádas oifigiúil ar bith ag an mBéarla sna Stáit Aontaithe, cé go bhfuil sí ar an teanga is mó a labhraítear sa tír sin agus é á úsáid sna caipéisí dlí go léir. Maidir leis na stáit aonaracha, tá tríocha ceann acu tar éis teanga oifigiúil a ghairm den Bhéarla. Bíonn na húdaráis áitiúla sásta, áfach, úsáid a bhaint as teangacha na bpobal inimirceach nuair is dóigh leo go bhfuil gá leis sin, agus in áiteanna d'fheicfeá cuid mhaith teangacha ar na fógraí poiblí.

An teanga a bhfuil stádas oifigiúil aici, caithfidh sí freastal ar a lán gnóthaí. Dá réir sin, bíonn sé tábhachtach an teanga a chaighdeánú agus téarmaíocht a sholáthar le go bhféadfaí gach sórt cúrsaí a phlé trína meán. Is minic a bhíonn pleanáil teanga de chineál éigin de dhíth leis an teanga a chur in oiriúint do na gnóthaí poiblí.

Other Languages
Afrikaans: Amptelike taal
Alemannisch: Amtssprache
አማርኛ: የስራ ቋንቋ
aragonés: Idioma oficial
العربية: لغة رسمية
asturianu: Llingua oficial
azərbaycanca: Dövlət dili
башҡортса: Рәсми тел
Boarisch: Amtssproch
žemaitėška: Valstībėnė ruoda
беларуская: Афіцыйная мова
беларуская (тарашкевіца)‎: Афіцыйная мова
български: Официален език
Bahasa Banjar: Bahasa rasmi
brezhoneg: Yezh ofisiel
bosanski: Službeni jezik
qırımtatarca: Resmiy til
čeština: Úřední jazyk
Deutsch: Amtssprache
ދިވެހިބަސް: ރަސްމީ ބަސް
Ελληνικά: Επίσημη γλώσσα
Esperanto: Oficiala lingvo
español: Idioma oficial
estremeñu: Luenga oficial
فارسی: زبان رسمی
Gàidhlig: Cànan Oifigeil
客家語/Hak-kâ-ngî: Kôn-fông ngî-ngièn
עברית: שפה רשמית
हिन्दी: राजभाषा
hrvatski: Službeni jezik
interlingua: Lingua official
Bahasa Indonesia: Bahasa resmi
日本語: 公用語
Basa Jawa: Basa resmi
қазақша: Ресми тіл
ភាសាខ្មែរ: ភាសាផ្លូវការ
ಕನ್ನಡ: ರಾಜಭಾಷೆ
한국어: 공용어
къарачай-малкъар: Официал тил
Кыргызча: Расмий тил
Lëtzebuergesch: Offiziell Sprooch
Limburgs: Officieel taol
latviešu: Valsts valoda
олык марий: Кугыжаныш йылме
Baso Minangkabau: Bahaso rasmi
македонски: Службен јазик
मराठी: राजभाषा
Bahasa Melayu: Bahasa rasmi
مازِرونی: رسمی زوون
Nāhuatl: Tecpantlahtolli
Napulitano: Lengua ufficiale
Plattdüütsch: Amtsspraak
Nederlands: Officiële taal
norsk nynorsk: Offisielt språk
پښتو: رسمي ژبه
português: Língua oficial
Runa Simi: Tukri simi
саха тыла: Ил тыл
sicilianu: Lingua ufficiali
srpskohrvatski / српскохрватски: Službeni jezik
Simple English: Official language
slovenčina: Úradný jazyk
slovenščina: Uradni jezik
српски / srpski: Службени језик
Seeltersk: Amtssproake
Basa Sunda: Basa resmi
Kiswahili: Lugha rasmi
ślůnski: Urzyndowo godka
తెలుగు: అధికార భాష
Türkçe: Resmî dil
татарча/tatarça: Рәсми тел
українська: Державна мова
oʻzbekcha/ўзбекча: Davlat tili
吴语: 官方語言
მარგალური: სახენწჷფო ნინა
中文: 官方语言
Bân-lâm-gú: Koaⁿ-hong gí-giân
粵語: 法定語言