Tammy Duckworth

Tammy Duckworth
Tammy Duckworth, official portrait, 113th Congress.jpg

In oifig
3 Eanáir 2017-inniu
Réamhtheachtaí:Mark Kirk

Dáta breithe12 Márta 1968
Áit bhreitheBangkok (An Téalainn)
PáirtíPáirtí Daonlathach
CéileBryan Bowlsbey
Suíomh gréasáinduckworth.senate.gov

Is í Ladda Tammy Duckworth (ar 12 Márta 1968 a rugadh í) seanadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Illinois. Is ball den Pháirtí Daonlathach í.

Bhí Duckworth ina píolóta heileacaptair in Arm na Stát Aontaithe le linn an chogaidh san Iaráic. Gortaithe go dona í: chaill sí an dá chois aici agus rinneadh dochar dá lámh dheis. Lean sí ar seirbhís sa Gharda Náisiúnta i ndiaidh cead speisialta a fháil ón Arm.[1] D'oibrigh sí ansin lena fear céile, Bryan Bowlsbey, a bhí san Iaráic roimhe sin freisin. D'éirigh sí as a gairm mhíleata i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2014 ag deireadh a téarma seirbhíse. [2]

A Luathshaol agus oideachas

Rugadh Duckworth in Bangkok, sa Téalainn do Lamai Sompornpairin agus Franklin Duckworth. Ba iar-shaighdiúr de chuid Arm na Stát Aontaithe é a hathair, a cailleadh sa bhliain 2005, agus a ndeachaigh a shinsireacht i Meiriceá siar go dtí Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá.[3] Téalannach de shinsireacht Shíneach í a máthair.[4]