Suíomh Oidhreachta Domhanda

Chuir Eagraíocht na Náisiún Aontaithe UNESCO ar bun chun oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha an domhain a chosaint agus a chaomhnú. Aithníodh go raibh séadchomharthaí ann a bhí chomh luachmhar sin gur bhain siad le pobal an domhain uile, agus tugadh Suíomh Oidhreachta Domhanda ar shuíomh dá leithéid. Spreagadh UNESCO chun na hoibre seo nuair a cinneadh Damba ollmhór a thógáil ar an Níl, abhainn mhór na hAfraice. Chruthófaí tascumar ollmhór uisce i ngleann Abu Simbel na hÉigipte, áit a raibh teampaill ársa. Bunaíodh feachtas idirnáisiúnta chun tochailt sheandálaíoch a dhéanamh sa cheantar i 1959, agus baineadh teampaill Abu Simbel agus Philae as a chéile chun iad a atógáil ar thalamh tirim. Chosain an feachtas timpeall US$80 milliún ag an am, agus rinne timpeall 50 tír maoiniú air.

As sin tháinig feachtais chosainte eile, sa Veinéis mar shampla, cathair álainn Iodálach atá i mbaol a báite, sa Phacastáin agus san Indinéis, agus tá liosta fada ionad, idir cheantair leochaileacha nádúrtha agus suíomhanna cultúrtha, ainmnithe anois mar shuíomhanna oidhreachta domhanda.

In Éirinn tá Séadchomharthaí cheantar seandálaíoch na Bóinne, Sceilg Mhíchíl agus Clochán na bhFomórach ar an liosta oidhreachta. Tá ocht suíomh déag i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 38 sa Spáinn, agus os cionn dhá scór san IodáilLiosta : Suíomhanna Oidhreachta Domhanda

  • suíomh oidhreachta domhanda in Éirinn

Suíomh Oidhreachta Domhanda in Éirinn

Sceilig Mhichil
Newgrange - Brú na Bóinne
Other Languages
Alemannisch: UNESCO-Welterbe
azərbaycanca: Ümumdünya irsi
Boarisch: UNESCO-Wödeabe
беларуская (тарашкевіца)‎: Сусьветная спадчына ЮНЭСКО
brezhoneg: Glad bedel
客家語/Hak-kâ-ngî: Sṳ-kie Vì-sán
hornjoserbsce: Swětowe herbstwo
Bahasa Indonesia: Situs Warisan Dunia UNESCO
日本語: 世界遺産
қазақша: Әлемдік мұра
한국어: 세계유산
Lëtzebuergesch: Weltierfschaft
монгол: Дэлхийн өв
Bahasa Melayu: Tapak Warisan Dunia
Plattdüütsch: List vun dat Weltarv
Nedersaksies: Wealdarfgoodlieste
Nederlands: Werelderfgoed
norsk nynorsk: Verdsarv
саха тыла: Аан дойду Утума
srpskohrvatski / српскохрватски: Svjetska baština
Simple English: World Heritage Site
српски / srpski: Светска баштина
Basa Sunda: Loka Warisan Dunya
svenska: Världsarv
Kiswahili: Urithi wa Dunia
Türkçe: Dünya Mirası
татарча/tatarça: Бөтендөнья мирасы
oʻzbekcha/ўзбекча: Jahon merosi
Tiếng Việt: Di sản thế giới
吴语: 世界遗产
中文: 世界遗产
粵語: 世界遺產