Náisiúnachas

Is féidir dhá bhrí a bhaint as "náisiúnachas": (1) An dearcadh atá ag baill de náisiún nuair atá a bhféiniúlacht náisiúnta tábhachtach dóibh, agus (2) na rudaí a dhéanann baill náisiúin nuair atá féinchinntiúchán á iarraidh nó á chosaint acu.

Eugène Delacroix - La liberté guidant le peuple

Ní mór an focal "náisiún" a shainmhíniú chomh maith agus ní furast é sin a dhéanamh. Mínítear é i dtéarmaí bundúchais, eitníocht, nó naisc chultúrtha; uaireanta meastar nach dá dtoil féin a bhaineann daoine le náisiún, ach uaireanta eile is rogha é.

Maidir le féinchinntiúchán, nó féin chur in iúl, níltear cinnte an gciallaíonn sé sin go gcaithfidh stát neamhspleách iomlán a bheith ag náisiún le húdarás iomlán ar ghnóthaí baile agus idirnáisiúnta, nó stádas de chineál éigin eile.

Náisiún agus Stát

Ní ghlactar leis mar sin gurb ionann náisiún agus stát. Is pobal eitneach nó cultúrtha é náisiún go minic, ach is aonán polaitiúil é stát a bhfuil cuid mhaith ceannasachta aige. Is náisiúin iad cuid de na stáit, ach is iomaí náisiún atá gan stát ceannasach. Aithnítear Iroquois Mheiriceá Thuaidh, nó Bascaigh na hEorpa, mar shampla, mar náisiúin, ach níl stáit dá chuid féin acu.

Is minic a meastar gur iarsma ón seansaol é an náisiúnachas, agus tá sé faiseanta caitheamh anuas air mar theagasc contúirteach a chothaíonn aighneas agus cogaíocht. Luaitear cogaíocht shíoraí oirdheisceart na hEorpa mar shampla den dhochar an náisiúnachais go dtí an lá inniu féin, agus fás na Gearmáine mar ollchumhacht ó aimsir Otto von Bismarck go dtí deireadh an Dara Cogadh Domhanda nó impiriúlachas na Seapáine sa tréimhse céanna.

Is minic a mhothaíonn dream daoine go bhfuil éagóir á dhéanamh orthu mar nach dtugtar aitheantas dá gcultúr nó dá gcearta traidisiúnta, agus déanann siad iarracht iad féin a dhealú amach ón stát atá á rialú, le féinriail nó neamhspleáchas iomlán, ionas nach mbeidh deireadh ar fad leo mar phobal ar leith. Spreagtar dreamanna áirithe chun aon duine atá de chine nó de náisiún eile sa limistéir a dhíbirt nó a chur faoi chois. Nuair a dhéanann stát leatrom ar dhaoine spreagtar daoine chun imeaglú a dhéanamh orthu siúd a thacaíonn leis an stát sin.

Other Languages
Afrikaans: Nasionalisme
Alemannisch: Nationalismus
አማርኛ: ብሔርተኝነት
aragonés: Nacionalismo
العربية: قومية
অসমীয়া: জাতীয়তাবাদ
asturianu: Nacionalismu
azərbaycanca: Millətçilik
башҡортса: Милләтселек
žemaitėška: Naciuonalėzmos
беларуская: Нацыяналізм
беларуская (тарашкевіца)‎: Нацыяналізм
български: Национализъм
brezhoneg: Broadelouriezh
bosanski: Nacionalizam
català: Nacionalisme
нохчийн: Национализм
čeština: Nacionalismus
Deutsch: Nationalismus
Ελληνικά: Εθνικισμός
English: Nationalism
Esperanto: Naciismo
español: Nacionalismo
eesti: Rahvuslus
euskara: Nazionalismo
estremeñu: Nacionalismu
føroyskt: Nationalisma
français: Nationalisme
galego: Nacionalismo
עברית: לאומיות
हिन्दी: राष्ट्रवाद
Fiji Hindi: Rastryawaad
hrvatski: Nacionalizam
Bahasa Indonesia: Nasionalisme
Ilokano: Nasionalismo
italiano: Nazionalismo
Patois: Nashinalizim
Basa Jawa: Nasionalisme
қазақша: Ұлтшылдық
한국어: 내셔널리즘
къарачай-малкъар: Миллетчилик
Кыргызча: Улутчулдук
Ladino: Nasionalizmo
Lingua Franca Nova: Nasionalisme
Limburgs: Nationalisme
lumbaart: Naziunalism
lietuvių: Nacionalizmas
latviešu: Nacionālisms
македонски: Национализам
മലയാളം: ദേശീയത
Bahasa Melayu: Nasionalisme
Mirandés: Nacionalismo
မြန်မာဘာသာ: အမျိုးသားရေးဝါဒ
مازِرونی: ناسیونالیسم
नेपाल भाषा: राष्ट्रवाद
Nederlands: Nationalisme
norsk nynorsk: Nasjonalisme
occitan: Nacionalisme
ਪੰਜਾਬੀ: ਕੌਮਪ੍ਰਸਤੀ
polski: Nacjonalizm
Piemontèis: Nassionalism
پنجابی: نیشنلزم
português: Nacionalismo
rumantsch: Naziunalissem
română: Naționalism
русский: Национализм
русиньскый: Націоналізм
саха тыла: Национализм
sicilianu: Nazziunalismu
davvisámegiella: Nationalisma
srpskohrvatski / српскохрватски: Nacionalizam
Simple English: Nationalism
slovenčina: Nacionalizmus
slovenščina: Nacionalizem
српски / srpski: Национализам
svenska: Nationalism
Kiswahili: Utaifa
Türkçe: Milliyetçilik
татарча/tatarça: Милләтчелек
тыва дыл: Национализм
ئۇيغۇرچە / Uyghurche: مىللەتچىلىك
українська: Націоналізм
oʻzbekcha/ўзбекча: Millatchilik
Tiếng Việt: Chủ nghĩa dân tộc
Winaray: Nasyonalismó
მარგალური: ნაციონალიზმი
中文: 民族主義
Bân-lâm-gú: Bîn-cho̍k-chú-gī
粵語: 民族主義