Hillary Rodham Clinton

Hillary Rodham Clinton

Polaiteoir Meiriceánach agus ainmní an Pháirtí Dhaonlathaigh don uachtaránacht is ea Hillary Rodham Clinton. Rugadh mar Hillary Diane Rodham ar 26 Deireadh Fómhair, 1947 i Chicago, Illinois. Tógadh í sa chathair sin agus in Park Ridge, Illinois, fo-bhaile de chuid Chicago. Den chreideamh Módhach iad a muintir.

Ba í Clinton an First Lady ón bhliain 1993 go dtí 2001 agus a fear céile, Bill Clinton, ina Uachtarán. Bhí sí ina seanadóir sóisearach ó Nua-Eabhrac ó 2001 go dtí 2009. Rinne sí iarracht ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh a fháil don toghchán uachtaránachta i mí na Samhna 2008, ach fuair Barack Obama an bua uirthi. Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe a bhí inti ó 21 Eanáir, 2009 go dtí 1 Feabhra, 2013. Is ball den Pháirtí Daonlathach í. Sheas sí d'uachtaránacht na Stát Aontaithe sa bhliain 2016 ach theip uirthi sa toghchán náisiúnta.

Saol luath

Rugadh Hillary Rodham in Chicago sa bhliain 1947. Bhí spéis aici sa pholaitíocht nuair a bhí sí ar scoil agus ar an ollscoil.

Bhain sí céim amach sa dlí in Ollscoil Yale sa bhliain 1973. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, phós sí Bill Clinton, fear a bhí ar an ollscoil léi. Bhog an bheirt acu go hArkansas. Toghadh Bill Clinton mar ghobharnóir ar an stát úd, agus rugadh Chelsea Clinton, an t-aon pháiste acu, le linn a chéad théarma.

Chabhraigh sí le páirtí a hathar, na Poblachtaigh. Tar éis tamaill, d’fhág sí an páirtí Poblachtach mar ní raibh sí sásta le cuid de na polasaithe a bhí acu. Thosaigh sí ag obair do na Daonlathaigh.

Other Languages
Afrikaans: Hillary Clinton
Alemannisch: Hillary Clinton
aragonés: Hillary Clinton
asturianu: Hillary Clinton
azərbaycanca: Hillari Klinton
Boarisch: Hillary Clinton
žemaitėška: Hilarė Klėntuon
Bikol Central: Hillary Rodham Clinton
беларуская: Хілары Клінтан
беларуская (тарашкевіца)‎: Гілары Клінтан
български: Хилъри Клинтън
brezhoneg: Hillary Clinton
bosanski: Hillary Clinton
Ελληνικά: Χίλαρι Κλίντον
emiliàn e rumagnòl: Hillary Clinton
Esperanto: Hillary Clinton
español: Hillary Clinton
føroyskt: Hillary Clinton
français: Hillary Clinton
客家語/Hak-kâ-ngî: Hillary Clinton
hornjoserbsce: Hillary Clinton
Bahasa Indonesia: Hillary Clinton
Interlingue: Hillary Clinton
íslenska: Hillary Clinton
italiano: Hillary Clinton
Basa Jawa: Hillary Clinton
Taqbaylit: Hillary Clinton
Ripoarisch: Hillary Clinton
kernowek: Hillary Clinton
Lëtzebuergesch: Hillary Clinton
lumbaart: Hillary Clinton
lietuvių: Hillary Clinton
македонски: Хилари Клинтон
Bahasa Melayu: Hillary Rodham Clinton
မြန်မာဘာသာ: ဟီလာရီ ကလင်တန်
Plattdüütsch: Hillary Clinton
Nedersaksies: Hillary Clinton
Nederlands: Hillary Clinton
norsk nynorsk: Hillary Clinton
português: Hillary Clinton
Runa Simi: Hillary Clinton
română: Hillary Clinton
sicilianu: Hillary Clinton
davvisámegiella: Hillary Clinton
srpskohrvatski / српскохрватски: Hillary Clinton
Simple English: Hillary Clinton
slovenčina: Hillary Clintonová
slovenščina: Hillary Clinton
Soomaaliga: Hillary Clinton
српски / srpski: Хилари Клинтон
ślůnski: Hillary Clinton
Türkçe: Hillary Clinton
татарча/tatarça: Һиллари Клинтон
ئۇيغۇرچە / Uyghurche: ھىلاري كلىنتون
українська: Гілларі Клінтон
oʻzbekcha/ўзбекча: Hillary Clinton
Tiếng Việt: Hillary Clinton
მარგალური: ჰილარი კლინტონი
Bân-lâm-gú: Hillary Rodham Clinton
粵語: 希拉莉