Grianghrafadóireacht

Is éard atá i ngrianghrafadóireacht ná íomhá seasta a thaifeadadh ar ábhar solas-íogair go ceimiceach, go meicniúil nó go digiteach. Go bunúsach ciallaíonn an focal grianghrafadóireacht scríobh le solas na gréine.

  • stair

Stair

Tosaíodh ar íomhánna a cheapadh i g camera obscura a theilg íomhá trí lionsa laistigh de sheomra dorcha. Ba mar chabhair líníochta d'ealaíontóirí a bhí sé. Le forbairt na ceimice tugadh faoi deara go raibh tionchar ag an solas ar cheimicí áirithe, go háirithe clóiríd airgid. Ba é Joseph Nièpce a rinne an chéad ghrianghraf i samhradh na bliana 1827, ach ba é a chomhpháirtí Louis Daguerre a rinne forbairt ar dhóigh le plátaí grianghrafacha a tháirgeadh ionas go mbeadh íomhá buan ar fáil. Bhí an-ráchairt ar an bpróiseas nua láithreach bonn agus tosaíodh ar phortráidí agus ar thírdhreacha a ghlacadh ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh, agus ba chuid riachtanach de ghiúirléidí na taiscéalaíochta é do chuid mhór de na daoine a bhí ag taisteal chuig na háiteanna ba iargúlta ar domhan. Bhí an próiseas an-chostasach áfach agus ní raibh ach íomhá amháin le fáil as.

D'fhorbair William Henry Fox Talbot an claonchló i 1835, rud a chuir ar chumas clódóirí macasamhla gan teoradh a dhéanamh de ghrianghraf ar bith. Ba ar pháipéar a bhí an claonchló ar dtús, ach bhí torthaí níos fearr ar fáil ar ghloine, agus de réir a chéile rinneadh forbairt ar scannáin ( ceallafán) agus ní raibh an oiread céanna ama ag teastáil chun grianghraf a ghlacadh. D'fhéadfaí gluaiseacht a reo i ngrianghraf agus bhí an-tóir air an bpróiseas úr sna nuachtáin.

Tháinig feabhas de réir a chéile ar chaighdeán na scannán agus b'fhéidir formáidí níos lú a úsáid. Ba mhinic claonchló 20 x 25cm á úsáid ag tús ama ach ba iad na formáidí 35mm agus 6 x 6cm na caighdeáin do ghrianghrafadóirí gairmiúla faoi lár an fichiú haois. Bhíodh ar na grianghrafadóirí fadó gach gné den phróiseas a fhoghlaim iad féin, staidéar a dhéanamh ar sholas agus ar lionsaí, ach de réir a chéile d'fhás tionscal ollmhór a rinne forbairt ar réaladh na n-íomhánna, ar na scannáin agus ar luach nochtaithe na gceamaraí ionas gurbh fhusa go mór gnó an ghrianghrafadóra. Rinneadh gnéithe uathoibreacha den nochtadh agus den bhfócas sna 1970í agus tháinig a lán grianghrafadáin bheaga ar an mhargadh a bhí chomh cumasach le huirlisí an lucht gairmiúil. Bhí Henri Cartier-Bresson an-cháiliúil mar gheall ar a chuid grianghraif tuairisciúla don eagraíocht Magnum.

Le forbairt na ríomhaireachta, tháinig scannóirí ar an mhargadh a chuir ar chumas an ghnáthdhuine grianghraif a thaifeadadh mar cháipéisí digiteacha agus bhí an-tionchar ar fad aige sin ar an bhfoilsitheoireacht. As sin tháinig grianghrafadáin digiteacha atá anois (2004) inchomórtas ó thaobh gnéithe agus chaighdeán na híomhá is atá grianghrafadáin 35mm.


Other Languages
Afrikaans: Fotografie
Alemannisch: Fotografie
aragonés: Fotografía
asturianu: Fotografía
azərbaycanca: Fotoqrafiya
башҡортса: Фотография
Boarisch: Photographie
žemaitėška: Puortėgrapėjė
беларуская: Фатаграфія
беларуская (тарашкевіца)‎: Фатаграфія
български: Фотография
bamanankan: Kɔtɛba
bosanski: Fotografija
català: Fotografia
کوردی: وێنەگری
corsu: Fotografia
čeština: Fotografie
kaszëbsczi: Fòtografijô
Чӑвашла: Фотографи
dansk: Fotografi
Deutsch: Fotografie
Ελληνικά: Φωτογραφία
English: Photography
Esperanto: Fotarto
español: Fotografía
euskara: Argazkigintza
estremeñu: Fotografia
فارسی: عکاسی
suomi: Valokuvaus
Võro: Fotokunst
français: Photographie
furlan: Fotografie
Frysk: Fotografy
贛語: 拍相
galego: Fotografía
עברית: צילום
हिन्दी: छायाचित्र
Fiji Hindi: Photography
hrvatski: Fotografija
Kreyòl ayisyen: Fotografi
interlingua: Photographia
Bahasa Indonesia: Fotografi
Ilokano: Potograpia
íslenska: Ljósmyndun
italiano: Fotografia
日本語: 写真
Patois: Fotografi
Basa Jawa: Fotografi
ქართული: ფოტოგრაფია
қазақша: Фотография
ភាសាខ្មែរ: អ្នកថតរូប
한국어: 사진술
कॉशुर / کٲشُر: فَنہِ فوٹوٗ
kurdî: Wêne
Кыргызча: Фотография
Latina: Photographia
Lëtzebuergesch: Fotografie
Lingua Franca Nova: Fotografia
Limburgs: Fotografie
lumbaart: Fotografia
lietuvių: Fotografija
latviešu: Fotogrāfija
македонски: Фотографија
മലയാളം: ഛായാഗ്രഹണം
монгол: Гэрэл зураг
Bahasa Melayu: Fotografi
Napulitano: Fotografia
Nedersaksies: Fotografie
नेपाली: फोटोग्राफी
Nederlands: Fotografie
norsk nynorsk: Fotografi
norsk: Fotografi
Nouormand: Photographie
occitan: Fotografia
Picard: Fotografie
Deitsch: Pikder
polski: Fotografia
پنجابی: فوٹوگرافی
português: Fotografia
română: Fotografie
armãneashti: Futugrâfii
русский: Фотография
русиньскый: Фотоґрафія
sardu: Fotografia
sicilianu: Fotugrafìa
srpskohrvatski / српскохрватски: Fotografija
Simple English: Photography
slovenčina: Fotografovanie
slovenščina: Fotografija
shqip: Fotografia
српски / srpski: Фотографија
Seeltersk: Photographie
Basa Sunda: Fotografi
svenska: Fotografi
Kiswahili: Upigaji picha
తెలుగు: ఫోటోగ్రఫీ
Tagalog: Potograpiya
українська: Фотографія
اردو: عکاسی
oʻzbekcha/ўзбекча: Fotografiya
vèneto: Fotografia
Tiếng Việt: Nhiếp ảnh
West-Vlams: Fotografie
Winaray: Pagritrato
Wolof: Nataal
吴语: 摄影
ייִדיש: פאטאגראפיע
Yorùbá: Fọ́tòyíyà
中文: 摄影
Bân-lâm-gú: Hip-siòng
粵語: 影相