George Orwell

Eric Arthur Blair
George Orwell press photo.jpg
Dáta breithe25 Meitheamh, 1903
 Motihari, Bihar, India
Dáta báis21 Eanáir, 1950
 Londain, Sasana
Ainm cleiteGeorge Orwell
GairmÚrscéalaí, iriseoir
SeánraFicsean, poileimic, iriseoireacht, cuimhní cinn, srl
Síniú
130px

Is é George Orwell ainm cleite Eric Arthur Blair, úrscéalaí Sasanach, 25 Meitheamh 190321 Eanáir 1950.[1] Áirítear Orwell ar scríbhneoirí móra na fichiú haoise. Ba iad an dá úrscéal mhóra pholaitiúla, mar atá, Animal Farm (1945) agus Nineteen Eighty-four (1949) a thuill clú domhanda dó. Aoir faoin Aontas Sóivéadach is ea an chéad cheann acu, agus é scríofa as peirspictíocht an tSóisialaí mheasartha nár thaobhaigh riamh leis an leagan Sóivéadach den chumannachas. An dara ceann acu, is úrscéal diostóipeach é, agus é ag trácht ar dhomhan na todhchaí atá roinnte idir trí mhórchumhacht ollsmachtúla. D'aistríodh an dá leabhar go lear maith teangacha. Mar sin féin, bhí Orwell i ndiaidh seal maith a chaitheamh ina scríbhneoir roimhe sin féin, agus é ag scríobh iriseoireacht, aistí, úrscéalta agus, fiú, beagáinín filíochta.

Fear meánaicmeach ab ea Orwell a chuaigh leis an sóisialachas i ndiaidh an tseala a chaith sé ina phóilín impiriúil i mBurma. Chuaigh sé go dtí an Spáinn le páirt a ghlacadh sa Chogadh Cathartha ansin, cosúil le cuid mhaith d'intleachtóirí clé a linne. Cé go raibh luí áirithe aige leis an Sóisialachas réabhlóideach, dhruid sé riamh siar ón gCumannachas, agus é, fiú, den tuairim gur "fórsa frithréabhlóideach" é an Páirtí Cumannach. Chuir sé go fíochmhar in aghaidh idé-eolaíochtaí ollsmachtúla na fichiú haoise, idir Naitsíochas agus Stailíneachas. Bhí tuiscint ghéarchúiseach aige d'éirim na hollsmachtúlachta, agus na coincheapa is na focail a chum sé le tagairt a dhéanamh do mheon na tíorántachta, ar nós an Deartháir Mór (Big Brother), an nuachaint (newspeak) agus araile, úsáidtear i gcónaí iad le cur síos a thabhairt ar an dóigh a gcoinníonn na deachtóirí intinn na saoránach faoi smacht.

Other Languages
Afrikaans: George Orwell
aragonés: George Orwell
Ænglisc: George Orwell
العربية: جورج أورويل
asturianu: George Orwell
azərbaycanca: Corc Oruell
تۆرکجه: جورج اورول
беларуская: Джордж Оруэл
беларуская (тарашкевіца)‎: Джордж Орўэл
български: Джордж Оруел
brezhoneg: George Orwell
bosanski: George Orwell
català: George Orwell
Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄: George Orwell
čeština: George Orwell
Cymraeg: George Orwell
Deutsch: George Orwell
Ελληνικά: Τζωρτζ Όργουελ
English: George Orwell
Esperanto: George Orwell
español: George Orwell
euskara: George Orwell
فارسی: جرج اورول
français: George Orwell
Gàidhlig: George Orwell
गोंयची कोंकणी / Gõychi Konknni: George Orwell
客家語/Hak-kâ-ngî: George Orwell
hrvatski: George Orwell
հայերեն: Ջորջ Օրուել
interlingua: George Orwell
Bahasa Indonesia: George Orwell
Ilokano: George Orwell
íslenska: George Orwell
italiano: George Orwell
Basa Jawa: George Orwell
ქართული: ჯორჯ ორუელი
Taqbaylit: George Orwell
한국어: 조지 오웰
Кыргызча: Жорж Оруэлл
Lëtzebuergesch: George Orwell
Lingua Franca Nova: George Orwell
lietuvių: George Orwell
latviešu: Džordžs Orvels
मैथिली: जर्ज अरवेल
Malagasy: George Orwell
македонски: Џорџ Орвел
монгол: Жорж Орвелл
кырык мары: Джордж Оруэлл
Bahasa Melayu: George Orwell
مازِرونی: جورج ارول
Nāhuatl: George Orwell
Plattdüütsch: George Orwell
Nederlands: George Orwell
norsk nynorsk: George Orwell
occitan: George Orwell
Livvinkarjala: George Orwell
Piemontèis: George Orwell
پنجابی: جارج اورویل
português: George Orwell
Runa Simi: George Orwell
română: George Orwell
sicilianu: George Orwell
srpskohrvatski / српскохрватски: George Orwell
Simple English: George Orwell
slovenčina: George Orwell
slovenščina: George Orwell
Soomaaliga: Joorj Orwel
српски / srpski: Џорџ Орвел
svenska: George Orwell
ślůnski: George Orwell
тоҷикӣ: Ҷорҷ Оруэлл
Tagalog: George Orwell
Türkçe: George Orwell
татарча/tatarça: Джордж Оруэлл
українська: Джордж Орвелл
oʻzbekcha/ўзбекча: George Orwell
vèneto: George Orwell
Tiếng Việt: George Orwell
Winaray: George Orwell
მარგალური: ჯორჯ ორუელი
Yorùbá: George Orwell
Bân-lâm-gú: George Orwell