An tSínis (汉语/漢語 Hànyǔ, 中文 Zhōngwén) |
---|
Á labhairt: | Daon-Phoblacht na Síne (DPS), Hong Cong, Macau, an Téaváin (PS), An Mhalaeisia, Singeapór |
Réigiún: | Oirthear na hÁise |
Cainteoirí san Iomlán: | 1.3 billiún |
Rang: | Sínis (iomlán) 1
Mandairínis: 1 Wu: 12 Cantainis: 18 Min: 22 Xiang: 30 Hakka: 33 Gan: 38 |
Líne ghinealaigh: | Sínea-Tibéidis Sínis |
Stádas Oifigiúil |
---|
Teanga Oifigiúil: | Daon-Phoblacht na Síne, Hong Cong, Macau, Poblacht na Síne, Singeapór, Náisiúin Aontaithe |
Foras Pleanála Teanga: | Sa DPS: Coiste Náisiúnta um Rialú Teanga
Sa PS: Comhairle um Chothú na Mandairínise |
Cóid teangeolaíocha |
---|
ISO 639-1 | zh |
ISO 639-2 | chi (B) zho (T) |
ISO 639-3 | zho |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is teanga nó grúpa teangacha í an tSínis (汉语/漢語, Pinyin: Hànyǔ; 华语/華語, Huáyǔ; nó 中文, Zhōngwén). Tá leagan nó canúint éigin den teanga ó dhúchas ag duine as an gcúigear ar an domhan. Is ceann de shé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe í an tSínis. Is í an Mhandairínis an fhoirm chaighdeánach den teanga a úsáidtear i nDaon-Phoblacht na Síne, áit a bhfuil sí ina teanga oifigiúil.
Is deacair a rá cé acu teanga amháin nó cnuas iomlán teangacha atá i gceist leis an tSínis. Cé go bhfuil leagan caighdeánach den teanga ann agus é á labhairt fud fad na Síne inniu, maireann na canúintí, más canúintí iad, beo i mbéal na ndaoine sna cathracha agus faoin tuath araon.
Bíonn na canúintí an-difriúil leis an tSínis chaighdeánach ar a lán bealaí, ach is teangacha tonúla iad na canúintí seo go léir. Thairis sin, is teangacha scoite iad go léir, go bunúsach, agus níl mórán míreanna gramadúla in úsáid in aon cheann acu.
Is iad na "canúintí" móra ná:
- an Mhandairínis. Uirthi sin atá an teanga chaighdeánach bunaithe. Labhraítear leaganacha den Mhandairínis ar fud thuaisceart na Síne, agus is féidir difríochtaí suntasacha a aithint idir na fochanúintí éagsúla den Mhandairínis féin. Is í caint na príomhchathrach is bunús leis an gcaighdeán, ach is leagan saibhrithe den chanúint sin é, agus tionchar na Sínise Clasaicí le haithint air fosta.
Kǒngzǐ Shīlùn 《孔子詩論》
Shi Jing Labhraíonn pobail bheaga Mhuslamacha i roinnt poblachtaí iar-Shóivéadacha canúint Mandairínise a dtugtar Dungáinis uirthi. Tá caighdeán dá cuid féin ag an teanga seo agus é bunaithe ar an aibítir Choireallach. Tá cuid mhaith téarmaí Rúisise measctha tríthi freisin.
- an chanúint Wu. Seo í an chanúint a labhraítear i Shang Hai.
- an chanúint Min. Le fírinne, ní haon chanúint amháin í, agus ba chóir a rá go bhfuil cúig theanga éagsúla ann ar a laghad: Min Nan, Min Bei, Min Dong, Min Zhong, agus Puxian Min. Bhí an-tionchar ag an gcanúint Min Nan, abair, ar an Tagálaigis, príomhtheanga na nOileán Filipíneach.
- an Chantainis. Tá sí á labhairt ina lán pobal Síneach sa choigríoch, agus stádas réasúnta maith aici dá réir.
- an chanúint Hakka nó Kejia. Tháinig lucht labhartha na canúna seo ó Thuaisceart na Síne anallód, nuair nach raibh an chanúint ansin cosúil le Mandairínis an lae inniu ar aon nós, agus shocraigh siad sa Deisceart. Inniu, tá na pobail Hakka scaipthe ar fud an Deiscirt, agus iad ag labhairt canúnacha seanársa. Bíonn difríochtaí móra idir na fochanúintí éagsúla, ach glactar le canúint Thuaisceart Guangdong, nó canúint Meixian, mar shórt "caighdeáin".