An Cheatsuais

Quechua (with country names).svg

Is í an Cheatsuais (QuechuaRuna Simi) an teanga bhundúchasach is tábhachtaí sa chuid de Mheiriceá Theas a bhain le ríocht na nInceach roimh theacht na gConquistadores. Le fírinne, is ar éigean is féidir a rá gur aon teanga amháin atá ann, agus is gnách le teangeolaithe an lae inniu a rá gur fine teangacha atá ann agus go bhfuil seacht dteanga éagsúla ann ar a laghad.

Is ar éigean is féidir a rá go bhfuil teangacha gaolmhara ann nach n-aicmítear mar "Cheatsuais" cheana féin. Ar feadh i bhfad, shíl na teangeolaithe go raibh a leithéid d'fhine teangacha ann agus na teangacha "Ceatsumaracha", agus iad den bharúil go raibh an Cheatsuais agus an teanga Aymará - an dara teanga is tábhachtaí i Ríocht na nInceach - gaolmhar le chéile. D'imigh sin, áfach, agus tháinig seo: fuair an dá theanga seo a lán focal ar iasacht ó chéile i rith na gcéadta bliain, ach ní chreidtear a thuilleadh go bhfuil siad gaolmhar le chéile ar aon nós. Scéal eile fós: an cineál Ceatsuaise agus an cineál Aymará ba thúisce a d'fhoghlaim na Spáinnigh ba iad na canúintí ba mhó a d'imir tionchar ar a chéile, ó ba iad na canúintí a bhí á labhairt i ríocht na nInceach. Nuair a tháinig na saineolaithe trasna ar chanúintí imeallacha an dá theanga, thuig siad nach raibh gaol ag an dá theanga sin le chéile ó thús, agus gurb í an chomharsanacht ba chúis leis na cosúlachtaí.

Quechua Woman in Peru.JPG

Tá Ceatsuais de chineál éigin ag tuairim is deich milliún duine i Meiriceá Theas. Is í Peiriú an tír is mó Ceatsuaise, ach tá canúintí nó teangacha den chineál seo á labhairt in Eacuadór, sa Bholaiv, sa Cholóim, agus san Argintín.

Teanga í an Cheatsuais atá bunaithe ar an táthú - is é sin, is féidir focail agus foirmeacha nua a chruthú trí iarmhíreanna a chur leis na focail. Tá gramadach na Ceatsuaise iontach rialta, iontach saor ó eisceachtaí.

  • deighilt na gcanúintí/na dteangacha
  • tagairtí

Deighilt na gCanúintí/na dTeangacha

Níl na teangeolaithe go léir sásta le haicmiú traidisiúnta na gcanúintí Ceatsuaise a thuilleadh, ach is dócha gur treoir éigin atá ann mar sin féin. Seo iad na príomhchanúintí nó na "teangacha":

  • an Cheatsuais Láir, nó Quechua-B, nó Quechua I, nó an teanga Waywash. Labhraítear na canúintí seo sna sléibhte i Lár-Pheiriú agus ar an gcósta.

Na príomhchanúintí eile, is gnách "an Cheatsuais Imeallach" a thabhairt orthu, nó Quechua-A, nó Quechua II:

  • Quechua company logo.png
    Quechua II A, nó Ceatsuais Yunkay. Labhraítear i sléibhte Thuaisceart Pheiriú í. Is í canúint Cajamarca an leagan is tábhachtaí den chineál seo Ceatsuaise.
  • Quechua II B, nó Ceatsuais an Tuaiscirt. Labhraítear in Eacuadór, i dTuaisceart Pheiriú agus i nDeisceart na Colóime (i réigiún Putumayo) í. An leagan den teanga a labhraítear sa Cholóim, tugtar Inga air, is é sin, teanga na nInceach.
  • Quechua II C, nó Ceatsuais an Deiscirt. Tá teanga chaighdeánach ag an gcanúint seo. Labhraítear an cineál seo Ceatsuaise i bPeiriú (Ayacucho agus Cuzco), sa Bholaiv, sa tSile, agus san Argaintín.
Other Languages
Afrikaans: Quechua
አማርኛ: ቀቿ
العربية: كتشوا
asturianu: Idioma quechua
Aymar aru: Qhichwa aru
Boarisch: Quechua
беларуская: Мова кечуа
беларуская (тарашкевіца)‎: Кечуа (мова)
български: Кечуа (език)
brezhoneg: Kechuaeg
català: Quítxua
čeština: Kečuánština
Чӑвашла: Кечуа (чĕлхе)
Cymraeg: Quechua
Deutsch: Quechua
Esperanto: Keĉua lingvaro
euskara: Kitxua
فارسی: زبان کچوا
suomi: Ketšua
français: Quechua
Nordfriisk: Ketschua spriaken
Gàidhlig: Quechua
Avañe'ẽ: Kechuañe'ẽ
ગુજરાતી: કેચુઆ ભાષા
客家語/Hak-kâ-ngî: Quechua-ngî
עברית: קצ'ואה
Fiji Hindi: Quechua bhasa
magyar: Kecsua nyelv
interlingua: Linguas quechua
Bahasa Indonesia: Bahasa Quechua
íslenska: Ketsjúa
italiano: Lingue quechua
ᐃᓄᒃᑎᑐᑦ/inuktitut: ᑮᓱᐊ
ქართული: კეჩუა (ენა)
қазақша: Кечуа тілі
한국어: 케추아어족
Lingua Franca Nova: Cetxua (lingua)
Limburgs: Quechua
Ligure: Quechua
lietuvių: Kečujų kalba
latviešu: Kečvu valoda
македонски: Кечуански јазици
Bahasa Melayu: Bahasa Quechua
Plattdüütsch: Quechua (Spraak)
नेपाल भाषा: क्वेस्वा
Nederlands: Quechua (taal)
norsk nynorsk: Quechua
norsk: Quechua
occitan: Quíchoa
Piemontèis: Lenghe quechuan
پنجابی: کیوچوا
português: Língua quíchua
Runa Simi: Qhichwa simi
rumantsch: Quechua
română: Limbi quechua
саха тыла: Кечуа тыла
srpskohrvatski / српскохрватски: Kečua (jezik)
Simple English: Quechua
slovenčina: Kečuánčina
slovenščina: Kečuanščina
српски / srpski: Кечуа (језик)
Seeltersk: Quechua
svenska: Quechua
Türkçe: Keçuva dilleri
ئۇيغۇرچە / Uyghurche: كۋېچۇئا تىلى
українська: Кечуа
vepsän kel’: Kečuan kel'
walon: Ketchwa
მარგალური: კეჩუა (ნინა)
中文: 克丘亞語
Bân-lâm-gú: Quechua-gí
粵語: 奇楚華文